Mar Gheall Orainn
Déantar ceiliúradh ar Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann, ar Buaiteoir Duaise Olivier í, mar an bpríomh-cheolfhoireann uirlisí tréimhse ceoil in Éirinn agus soláthraíonn sí taibhithe de scoth an domhain, agus iad múnlaithe go stairiúil, ar fud na hÉireann agus ar an gcoigríoch. Faoi stiúrthóireacht ealaíne Peter Whelan, tagann an scoláireacht agus an feabhas ceoil le chéile ar bhealach uathúil trí obair Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann, agus tairiscint bhunaidh á cruthú nach ionann í agus aon eagraíocht eile i saol cheol clasaiceach na hÉireann. Trí chomhtháthú seo an taighde agus an chleachtais, sainmhínítear athuair fíorsmaoineamh na ceolfhoirne, agus cuirtear taithí shaibhriúcháin neamhchoitianta ar fáil do spriocghrúpaí an lae inniu.
Mar ambassadóir i leith scéalta cheol na hÉireann sa sean-am, baineann Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann feidhm as a dearcadh uathúil chun forbairt a dhéanamh ar an stóras méadaitheach eolais maidir le laethanta tosaigh an cheoil Bharócaigh agus an cheoil Chlasaicigh in Éirinn. An taighde, na taifeadtaí agus na ceolchoirmeacha de chuid Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann, tairgtear iontu deis nua do spriocghrúpaí ar fud na hÉireann ar athmheastóireacht agus athéileamh a dhéanamh ar a n-oidhreacht chultúir, le linn di a bheith gafa le diaspóra na hÉireann trí aimsiú domhanda méadaitheach na hoibre seo. Fiú maidir le Meisias Handel - buaicphointe bliantúil camchuairte i bhféilire Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann - is nasc athmhúscailte é le saol cultúir Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1742.
Faigheann Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann maoiniú fial ón gComhairle Ealaíon. Faigheann sí tacaíocht airgeadais freisin ó Chultúr Éireann chun tacú lena hiomrá idirnáisiúnta fairsingíoch, agus ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i leith HandelFest i mBaile Átha Cliath. Tá cnuasach uirlisí tréimhse ceoil dá cuid féin ag an gceolfhoireann, agus iad ceannaithe le cúnamh ó dheontas caipitil na Comhairle Ealaíon agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann cónaitheach ag an gCeoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, agus amhail i 2021 tá sí ina ball ensemble agus ina ball Boird den Réseau Européen de Musique Ancienne (Líonra Ceoil Luaith na hEorpa).
Íomhánna le caoinchead Orla Keeshan, ó HandelFest i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2023 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.






