top of page
Image of Peter Whelan taken in rehearsal, smiling with fingers poised ready to direct the next section.

Peter Whelan 

Stiúrthóir Ealaíne

Tá Peter Whelan, ar buaiteoir duaise Olivier é, ar dhuine de na léiritheoirí is fuinniúla agus is ildánaí den taibhiú stairiúil ina chuid glúine, agus gairmréim iontach aige mar threoraí agus mar stiúrthóir. Eisean an Stiúrthóir Ealaíne ar Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann chomh maith le bheith ina Choimeádaí ar Cheol Luath d’Ensemble Gaothuirlisí na hIorua. Is aonréadaí ealaíontóra mór le rá é Peter agus dioscliosta aige atá fairsing agus ag a bhfuil duais buaite mar aonréadaí basúnadóra.

Mar threoraí/stiúrthóir, tá paisean ar leith ag Peter chun ceol a ndearnadh faillí ann ón Ré Bharócach agus ón Ré Chlasaiceach a chíoradh agus chun troid ar son an cheoil sin. Ar na gníomhaíochtaí le déanaí bhí cinn le Ceolchoirm Shasana, Ceolfhoireann Shasana, Ceolfhoireann Aireagail na hAlban, Ceolfhoireann Beethoven Bonn, Ceolfhoireann Aireagail na hÍsiltíre, Ceolfhoireann Bharócach Portland, Ceolfhoireann Shiansach Lahti, Ceolfhoireann Shiansach Oulu agus Ceolfhoireann Lucsamburg (Orchestre de Chambre du Luxembourg).

I dtús an tséasúir 22-23, threoraigh Peter taibhiú annamh de ‘Bajazet’ le Vivaldi i gcomhar le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann. Tugadh moladh sármhaith ó na léirmheastóirí don léiriú agus bhuaigh sé Duais Olivier as ‘Éacht sa Cheoldrámaíocht’. I mí na Samhna/mí na Nollag rinne sé a début ag Áras Ceoldrámaíochta San Francisco, agus é i mbun Orfeo ed Euridice le Gluck. Áiríodh leis na léirithe ceoldrámaíochta eile le déanaí Pósadh Figaro, Fliúit Draíochta agus Acis agus Galatea le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann agus Radamisto Handel le Ceoldrámaíocht Chamchuirte Shasana. Ar bhuaicphointí ceolfhoirne an tséasúir 23-24 bhí Ceolfhoireann Ré na hEagnaíochta, Sinfonia Ríoga an Tuaiscirt, Grúpa Ceoluirlisí Dhún Éideann (Dunedin Consort), la festa musicale,  Meininger Hofkapelle agus Ceolfhoireann Shiansach Kristiansand. D’fhill Peter ar Chompántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann chun léiriúchán ‘l’Olimpiade’ le Vivaldi, a thaibhítear go hannamh, a threorú/stiúradh i mí na Bealtaine 2024.

Mar Stiúrthóir Ealaíne bunaidh ar Ensemble Marsyas, thaibhigh Peter ag Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, Lammermuir, Göttingen Handel, Féile Ealaíon Chill Chainnigh, Féile Tetbury, Féile Bath agus Féile "Ceol Iontach i dTithe na hÉireann". I rith a gcónaitheachta i Halla Wigmore 2020, rinne an Telegraph cur síos ar Ensemble Marsyas mar ghrúpa ar rídhócha gurb é an grúpa tréimhse is fearr sa tír seo é – agus é faoi cheannas Peter, go dtaibhíonn siad le élan iontach, agus an lántaitneamh a bhaineann siad as á chur in iúl acu. Tá dioscliosta ag Ensemble Marsyas atá mórthaibhseach, ag a bhfuil duais buaite, agus ag a bhfuil a dhiosca Barsanti ainmnithe mar Rogha an Eagarthóra in Gramophone Magazine sa bhliain 2017, agus mar “Thaifeadadh na Bliana” i nGréasán Ceoil Idirnáisiúnta (MusicWeb International) na bliana 2017, chomh maith leis an dara áit a bhaint amach i Sainchairt Chlasaiceach Oifigiúil na Ríochta Aontaithe.

Tá moladh tuillte go forleathan ag stiúrthóireacht ealaíne Peter sa taibhiú beo agus sa stiúideo taifeadta as a “léargas saibhir, stíl agus dáimhiúlacht” (Guardian), a “flosc stíliúil” (BBC Music Magazine) agus “stiúrthóireacht thar a bheith fuinniúil” (Artsdesk). Mar churadh ar cheol luath, is ionann Peter agus “an eiseamláir is fearr de na treochtaí comhaimseartha ó thaobh brí agus anam a chur sa cheol seo: flosc agus fonn le luas, atá lúfar agus láidir ...  airdeall dochreidte ar dhathanna agus ar ghiúmair á ngairm ag an gcoisíocht armónach um ghearradh agus sárú sa cheol seo” (Operawire).

Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann

An Ceoláras Náisiúnta

Ardán Earlsfort

Baile Átha Cliath

D02 N527

Poblacht na hÉireann

Ríomhphost: info@irishbaroqueorchestra.com

RCN: 20071233

CRO: 310913

CHY: 18524

Tá Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann maoinithe go bródúil ag Arts Council Ireland/An Chomhairle Ealaíon, óna bhfaigheann sí príomhmhaoiniú.

Logo reads 'The Arts Council/An Chomhairle Ealaíon - Funding Music'
Lógó Sábháilte le Cruthú - Tá na focail 'Sábháilte le Cruthú' le feiceáil in éineacht leis an bhfocal CREATE i gcló trom. Tá bosca páirteach timpeall an téacs, agus cruth geoiméadrach gorm grádánach sa chúlra.
  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • YouTube
Polasaí Príobháideachais

© 2026 IBO | Íomhánna Pawel Bebenca, Orla Keeshan, Marco Borggreve

bottom of page