Agus iad ag leanúint dá gcuid imscrúdaithe ar raidhse an cheoil Bharócaigh dhearmadta ó Éirinn, anois cíorann Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus a Stiúrthóir Ceoil Peter Whelan ceol le Cousser agus Purcell. Ba chumadóir Ungárach é Johann Sigismund Kusser nó Cousser a thaistil go dtí Baile Átha Cliath, tríd an nGearmáin, tríd an bhFrainc agus trí Londain. Bhí sé ar dhuine de na stiúrthóirí ceoldrámaíochta ab eolaí agus ba mhó a raibh meas air san Eoraip, agus chaith sé fiche bliain deiridh a shaoil i mBaile Átha Cliath. Seo an chéad taifeadadh ar a chuid Saranáide ‘An Bualadh Bos Uilíoch ar Chnoc Parnásas’ (‘The Universal Applause of Mount Parnassus’), agus is saothar fíoriontach é a cumadh i dtaca le ceiliúradh lá breithe na Banríona Áine sa bhliain 1711. Thairis sin, is é sin an sampla is luaithe atá ar marthain de cheol ceoldrámaíochta a cumadh i mBaile Átha Cliath do luchtanna éisteachta in Éirinn. Scríobh Purcell a Óid ‘Is é do beatha, a Thuismitheoir Mhóir!’ (‘Great parent, hail!’) i dtaca le cothrom céad bliain Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1694 trí leabhróg lena chomhoibrí agus alumnas Choláiste na Tríonóide, Nahum Tate.
Folaítear sa saothar fíorshuimiúil gan iomrá seo roinnt ceoil le Purcell atá go hiontach. Stiúrann a thon aireach an t-atmaisféar polaitiúil míshocair i ndiaidh na Réabhlóide Glórmhaire – bhí an Coláiste tar éis titim le déanaí ar feadh tamaill i seilbh na Seacaibíteach. Cuirfidh an taifeadadh seo iontas ollmhór eile ar fáil dóibh siúd ar beag an t-eolas atá acu ar oidhreacht dhearmadta na hÉireann.
top of page
€16.00Price
bottom of page

