"Seo taifeadadh thar a bheith tarraingteach - scéal fíorspéisiúil atá inste le neart beochta agus neart stíle" Alexandra Coghlan, Gramaphone Magazine
“Láimhseálann Whelan an ceol le tiomáint spreagúil mar is gnách agus, dála an mheánsopráin lúfair Tara Erraught, freagraíonn sé ar an gcaoi a gcaitear go clasaiceach ar an albam le foinn tíre Gaelacha gan aon mhaoithneachas míchuí. **** ”
Michael Dervan, Irish Times
Is ionann Trialacha Tenducci - Castrato in Éirinn (The Trials of Tenducci - A Castrato in Ireland) agus an eisiúint spreagúil nua ó Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann ar lipéad taifeadta LINN. Bhí sé spreagtha ag castrato na hIodáile Giusto Ferdinando Tenducci, sár-réalta spéisiúil cheoldrámaíochta agus taibheoir tráthrialta i saol an cheoil in Éirinn.
Castrato clúiteach ab ea Giusto Ferdinando Tenducci i mBaile Átha Cliath sna 1760í agus is iomaí iomrá a tharraing a shaol. Chruinnigh na sluaite daoine le chéile chun éisteacht lena thaibhiú agus bhí Johann Christian Bach, Mozart agus Thomas Arne i measc na ndaoine cáiliúla a raibh an-mheas acu air. Mhúin sé ar feadh tamaill bhig an amhránaíocht do Mozart. Is mar gheall ar an gcaidreamh, áfach, idir é agus Dorothea Maunsell, scoláire Éireannach amhránaíochta a bhí 15 bliana d’aois, agus mar gheall ar a n-éalú agus a bpósadh le chéile ina dhiaidh sin, a bhí Tenducci go mór i mbéal an phobail.
Tá an saothar Trialacha Tenducci - Castrato in Éirinn (The Trials of Tenducci - A Castrato in Ireland) á thaibhiú ag Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann, faoi stiúrthóireacht Peter Whelan, Stiúrthóir Ealaíne Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann, agus le meánsoprán Éireannach clúiteach Tara Erraught i bpáirt Tenducci. Ar áireamh ann tá an chéad taibhiú nua-aimseartha de cheol, amhráin agus áirianna ceolfhoirne atá bainteach le Tenducci, agus a bhí ar aithne ag luchtanna éisteachta na hÉireann san 18ú aois.
Deir Peter Whelan, agus é ag caint faoi eisiúint Trialacha Tenducci - Castrato in Éirinn (The Trials of Tenducci - A Castrato in Ireland):
"Tá mo shuim múscailte ag scéal Tenducci, a phearsantacht thar an gcoitiantacht agus a thionchar fairsing mar castrato ar an gceoldrámaíocht. Tá lúcháir orainn go bhfuil ár réalta Éireannach cheoldrámaíochta féin Tara Erraught ag taibhiú na n-amhrán agus na n-áirianna atá bainteach le Tenducci. Ba bhreá liom dá ngéaródh na taifeadtaí nua seo suim na ndaoine i gceol na hÉireann i lár an 18ú aois le linn an ama a chaith Tenducci anseo, a dhlúthchaidrimh ealaíonta le mórán cumadóirí, agus na hamhráin iontacha ar ar tharraing sé aird an phobail."
Tá rogha na dtaifeadtaí ar Thrialacha Tenducci - Castrato in Éirinn (The Trials of Tenducci - A Castrato in Ireland) ina scáil ar cheangailtí ceoil Tenducci le roinnt mhaith cumadóirí.
Áirítear leo seo: Pierre Van Maldere a deirtear a bhí ina chéad chumadóir ar shiansaí i mBaile Átha Cliath, Tommaso Giordani a mhúin John Field agus a chum agus a chóirigh ceoldrámaí i dtaca le hAmharclann Scabhat Smock agus i dtaca le hAmharclann Sráid Crow, Johann Christian Fischer a thaibhigh le Bach agus Tenducci, agus a scríobh sraith leaganacha den amhrán tíre Grá mo chroí/Gramachree Molly mar chríoch-cheol i gcomhair an tSeachtú Coinséartó Óbó dá chuid.
Áirítear leis na saothair le cloisteáil ar Thrialacha Tenducci - Castrato in Éirinn (The Trials of Tenducci - A Castrato in Ireland): Siansa i mórghléas G le Pierre Van Maldere; Caro mio ben agus Caointeoireacht na Banríona Máire (Queen Mary's Lamentation) - dhá amhrán le Tommaso Giordani atá bainteach go dlúth le Tenducci; Uisce scartha ón muir (Water parted from the sea) - le Thomas Arne; cóiriú ar Mhalaí Ballenden (The Braes of Ballenden) arna chóiriú ag Johann Christian Bach arbh é sin saothar ab ansa le Tenducci.
Trialacha Tenducci - Castrato in Éirinn (The Trials of Tenducci - A Castrato in Ireland) is ea an dara ceann i sraith de chúig eisiúint a fhéachann le scéalta saibhre na Ré Barócaí in Éirinn a insint. Ba í an chéad eisiúint sa tsraith de chuid na ceolfhoirne ná: "Fáilte Abhaile, A Uasail Dubourg" ("Welcome Home Mr Dubourg") (2019) ar Cheirníní Linn.
top of page
€16.00Price
bottom of page

