Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann chun Camchuairt a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 2026, le cabhair ó dhuais Chultúr Éireann
- irishbaroque

- 4 days ago
- 2 min read

Bhronn Cultúr Éireann duais €35,000 ar Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann chun tacú le taibhithe ceolchoirmeacha sna Stáit Aontaithe i mí an Mhárta, 2026.
Tá Cuntraiteanór Hugh Cutting ag dul le Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus Peter Whelan chun 'Trialacha Tenducci' ('The Trials of Tenducci') a chur i láthair in Eaglais Chorp Chríost, Nua-Eabhrac (15 Márta, i dtaca le Ceol Roimh 1800) agus Amharclann Anne & Ellen Fife ag Lárionad na nEalaíon i Blacksburg, Virginia (17 Márta, i dtaca le hInstitiúid Pholaiteicnice agus Ollscoil Stáit Virginia - Virginia Tech).
Roimh na taibhithe sna Stáit Aontaithe, tionólfar taibhithe i Halla Wigmore, Londain (9 Márta), Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath (11 Márta) agus Ceoláras na hOllscoile, Luimneach (12 Márta), rudaí a chuirfidh tús le bliain an tríochadú comóradh ar Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann. Tá an chamchuairt ar na Stáit Aontaithe á cur i láthair le tacaíocht chorparáideach ó Global Dream Travel, agus an méid is fearr d’Éirinn á thabhairt go dtí an chuid eile den domhan
Síneann 'Trialacha Tenducci' - ('The Trials of Tenducci') scéal Tenducci ó albam 2021 Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann a raibh an t-ainm céanna air agus a taifeadadh i dteannta le Tara Erraught, agus áirítear leis stór leathnaithe amhail siansaí luatha Mozart, le taobh áirianna le Giordani, JC Bach, Arne, Mozart agus Gluck. Bhí cáil ar Tenducci i measc na bpobal meáin sna 1760í agus ba dhuine thar a bheith iomráiteach é i rith na tréimhse sin. Bhí aithne air mar fhear a mhúin an dóigh le canadh do Mozart tráth, thóg sé scannal mar gheall ar éalú le hiníon óg duine de na huaisle. Caitheadh sa phríosún é ina dhiaidh sin i gCorcaigh ach scaoileadh saor é anois agus arís chun taibhithe a thabhairt do phobail fiosracha in Éirinn, a bhí faoi dhraíocht ag na scéalta faoina thallann agus faoina mhíchlú.
Agus í ag labhairt ar fhógra an lae inniu madir leis an maoiniú, deir an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Aliye Cornish Moore "Is tiomantas thar a bheith fial atá sa mhaoiniú seo ó Chultúr Éireann agus tá sé ag fíorú ár n-uaillmhéine seanbhunaithe go ndéanfaí camchuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. I bhfianaise an fhairsingithe ar fhéilire thaibhithe Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann sa bhliain 2025 de bharr début na Ceolfhoirne sna BBC Proms i Lúnasa na bliana seo, tá ríméad orainn go bhfuilimid chun an cheolfhoireann a thabhairt go Nua-Eabhrac agus Virginia chun tús a chur le bliain an tríochadú comóradh dár gcuid. Táimid ar bís chun scéal iontach Tenducci a chur ar a súile do phobail mheáin sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sna Stáit Aonaithe, de réir mar a dhéanfaimid athchruthú ar an gclár glormhar seo faoi stiúrthóireacht Peter Whelan, le cuntraiteanór iontach Hugh Cutting".
Cuirfear sonraí de cheolchoirmeacha an Mhárta ar láithreán gréasáin Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann go luath san Fhómhar, agus foilseofar séasúr iomlán an tríochadú comóradh i mí Eanair.
