top of page
Search

Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann chun Début Stairiúil a dhéanamh sna BBC Proms

  • Writer: irishbaroque
    irishbaroque
  • Nov 19
  • 3 min read

Ritheann séasúr Proms 2025 ón Aoine, an 18 Iúil do dtí an Satharn, an 13ú Meán Fómhair.
Ritheann séasúr Proms 2025 ón Aoine, an 18 Iúil do dtí an Satharn, an 13ú Meán Fómhair.

Tá ceolfhoireann na hÉireann, a bhfuil duais Olivier buaite aige, ag teacht chun a bheith ar an dara ceolfhoireann Éireannach  ar tugadh cuireadh riamh dó go dtí na Proms, agus í ag taibhiú leagan Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1742 d’Fhéasta Alasdair (Alexander’s Feast).


An samhradh seo, déanfaidh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann gaisce toisc go mbeidh sí ar an gcéad cheolfhoireann Éireannach le breis agus 45 bliana anuas chun taibhiú ag na BBC Proms, féile ar a bhfuil meas mór agus ag a bhfuil an chuid is fearr den cheol chlasaiceach á chur os comhair an phobail is leithne. Ar an ócáid chinniúnach seo, tá an Cheolfhoireann, a bhfuil duais Olivier buaite aige, chun a háit ar an ardán idirnáisiúnta a ghlacadh, arb í céim mhór chun cinn lena gcuirtear béim ar rath an ensemble ach freisin lena mbaintear amach sprioc shuntasach i gcomhair an tsaoil cheoil chlasaicigh ar fad in Éirinn.


Agus í ar an dara ceolfhoireann Éireannach ar tugadh cuireadh di chun teacht go dtí na Proms, tá aithne go fada leitheadach ar Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann mar Cheolfhoireann Amthaistil na hÉireann - ensemble a chuireann beocht san am a caitheadh trí uirlisí tréimhse. Déanfaidh an début dá gcuid sna Proms aird a tharraingt ar an am fadó go baileach, de réir mar a thaibheoidh siad leagan Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1742 d’Fhéasta Alasdair (Alexander’s Feast) le Handel, ar leagan den saothar é a chloistear go hannamh, agus ar comhartha aitheantais é do cheangailtí Handel leis an gcathair inar eagraíodh an chéad taibhiú den Meisias.


“Ní thionóltar inniu taibhithe de leaganacha seo Bhaile Átha Cliath go deo, geall leis,” arsa Stiúrthóir Ealaíne agus Treoraí/Stiúrthóir Peter Whelan. “Is ábhar ollmhór bróid dúinn é an ceol seo a athbheochan, agus codanna de a bheith déanta go sainiúil i gcomhair na hócáide seo, chomh maith leis an bhfíorú ar aisling atá sa taibhiú seo ar stáitse mór le rá dá leithéid.”


Tagann an ghnóthachtáil seo ar uain chinniúnach do Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann agus do Peter Whelan, dár bronnadh Olivier sa bhliain 2022 as a n-obair cheannródaíoch le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann. Rinneadh a gcomharshaothar leis an gCompántas sa bhliain 2024 ar ‘L’Olimpiade’ a ainmniú i gcomhair an cheoldráma nua is fearr ag Duaiseanna Olivier na bliana 2025.


Dúirt Patrick O’Donovan T.D., an tAire Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt:

“Tá lúcháir an domhain orm as Peter agus as buíon Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann mar gheall ar an début dá gcuid ag Proms na bliana 2025, ar ceann é de na féiltí ceoil is mó ar a bhfuil ardmheas sa domhan mór.


Trí thacaíocht ón Aonad um Chultúr Éireann de mo chuid Roinne, tá cáil mhór á saothrú ag Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann i saol idirnáisiúnta na gceolchoirmeacha. Is éard atá sa deis seo ná an toradh ar an obair dhian sin. 


Is tábhachtach an rud é freisin mar chloch mhíle i stair an cheoil chlasaicigh in Éirinn agus déanaim comhghairdeas ó chroí le gach duine a ghlacann páirt ann.”


Mar a deir Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Aliye Cornish Moore: “Is ionann an taibhiú spreagúil seo agus an chloch mhíle is déanaí i gcúrsa dochreidte Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann, agus é mar dheis iontach don cheolfhoireann ar a thaispeáint don domhan go bhfuil stair an cheol chlasaicigh in Éirinn ag dul i bhfad níos sia ná “Meisias”. Is de scoth an domhain ár gceoltóirí agus tá bród ollmhór orainn gur tugadh cuireadh do Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann agus do Chór Barócach na hÉireann chun an taibhiú seo a thabhairt. Ní bheadh pioc de seo indéanta gan an tacaíocht fhial ó Chultúr Éireann leis an taibhiú seo agus lenár n-uaillmhianta idirnáisiúnta ar feadh roinnt mhaith blianta, agus freisin an bunchistiú ón gComhairle Ealaíon a chuir dúshraith lenár bhforbairt.”


Chun éisteacht le taibhiú Cheolfhoireann Bharócach na hÉireann agus é ag teacht beo ó Halla Ríoga Albert, tiúnáil isteach chuig BBC Radio 3 Dé Sáthairn, an 30 Lúnasa, ar 7.30 i.n.


Faigheann Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann príomhchistiú ón gComhairle Ealaíon, agus tacaíocht fhial ó Chultúr Éireann as a clár idirnáisiúnta taibhithe.



íomha: Pawel Bebenca
íomha: Pawel Bebenca


 
 
 

Irish Baroque Orchestra

National Concert Hall

Earlsfort Terrace

Dublin 

D02 N527 

Republic of Ireland

Email: info@irishbaroqueorchestra.com

RCN: 20071233

CRO: 310913

CHY: 18524

The Irish Baroque Orchestra is proudly funded by Arts Council Ireland/An Chomhairle Ealaíon, from whom it receives principal funding.

Logo reads 'The Arts Council/An Chomhairle Ealaíon - Funding Music'
Safe to Create logo - The words 'Safe to Create' appear with the word CREATE in bold. A partial box surrounds the text, with a gradient blue geometric shape in the background.
  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn
  • YouTube
 Privacy Policy 

© 2025 by Irish Baroque Orchestra | Images Pawel Bebenca, Orla Keeshan, Marco Borggreve

bottom of page